Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
CERV
Aghaidh cailín ag miongháire agus barróg á breith aici ar dhaoine eile i gciorcal daoine fásta agus leanaí ó ghrúpaí eitneacha éagsúla.
Scéalta Ratha

Réamhrá

Seoladh an clár CERV in 2021 ar feadh tréimhse seacht mbliana, agus tá buiséad os cionn EUR 1.5 billiún aige. Is iad na príomhghrúpaí atá incháilithe le haghaidh cistiúcháin ná eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus trasnáisiúnta. Chomh maith leo sin, áirítear líonraí Eorpacha, údaráis phoiblí (lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais agus comhlachtaí atá dírithe ar chearta an duine), údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, bailte agus bardais, an lucht acadúil/institiúidí taighde, meithleacha machnaimh, na breithiúna, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus geallsealbhóirí eile atá gníomhach maidir le luachanna agus cearta an Aontais a chur chun cinn.

Áirítear leis na tionscadail a ndéantar cistiú orthu oiliúint, forbairt acmhainní agus malartuithe dea-chleachtais idir údaráis agus comhlachtaí thíortha an Aontais, nascadh bailte, tacú le heagraíochtaí pobail agus leis an tsochaí shibhialta, feasacht daoine a mhúscailt faoina gcearta agus faoi na tairbhí a ghabhann le beartais an Aontais dá saol laethúil, agus tacú le forbairt beartas agus reachtaíochta eolasbhunaithe de chuid an Aontais trí shuirbhéanna, staidéir agus anailísí. Tacaíonn an clár freisin le forbairt acmhainne príomhlíonraí ar leibhéal an Aontais (go háirithe EQUINET, líonra comhlachtaí comhionannais an Aontais).

Scéalta na dtairbhithe tionscadail

Is iad a dtionscadail na bloic thógála dár dtodhchaí chomhroinnte. Ní hé amháin gur todhchaí é sin ina mbeidh cearta agus luachanna an Aontais á gcosaint, ach beidh siad ina ngné dhílis de shaol gach saoránaigh.

Faigh spreagadh ó ghuthanna tairbhithe agus ó na scéalta faoin gcaoi ar éirigh go geal leo.

Cothrom na Féinne: Comhionannas sa Spórt (ENGSO) - An Bhruiséil/Vín
Éalú ó Shrian na Dénárthachta: Réabhlóid na gCeart Tras (TGEU) - Beirlín
Ré Nua Inscne: Cur in Éadan na Claontachta agus an Fhoréigin - An Aithin
Meaisíní ar son na Maitheasa: Intleacht Shaorga agus Ealaín san Oideachas don Aos Óg - Ancona
Lámh linbh i ngreim ag lámh duine fhásta.
Tionscadail a chistiú: faigh amach conas iarratas a dhéanamh

Faigh amach conas d’iarratas ar chistiú a chur isteach nó cúnamh a iarraidh ar Phointe Teagmhála Náisiúnta CERV.