Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
CERV
Lámh linbh i ngreim ag lámh duine fhásta.
CERV i gcomhair tionscadail a mbíonn tionchar acu

Deis do d’eagraíocht féin

Faoin gclár CERV, soláthraítear cistiú do thionscadail ina mbítear ag déileáil le ceann de théamaí na gceithre shraith tionscadal. Féadfaidh gníomhaíochtaí náisiúnta nó trasnáisiúnta a bheith incháilithe agus áirítear leo oiliúint, ceardlanna, comhdhálacha, múscailt feasachta, cur chun cinn agus scaipeadh, malartú an dea-chleachtais, staidéir agus faireachán, nascadh bailte, agus go leor eile.

Sraitheanna téamacha

Anseo thíos, is féidir leat eolas a chur ar na réimsí téamacha agus féachaint an bhfuil réimse ann a oireann do do thionscadal féin.

Luachanna an Aontais

Tacaíocht do thionscadail atá dírithe ar luachanna an Aontais, an daonlathas agus an dlúthpháirtíocht i measc saoránach a chosaint agus a chur chun cinn

Comhionannas, cearta, agus comhionannas inscne

Le haghaidh tionscadail lena gcuirtear an comhionannas inscne chun cinn agus lena dtéitear in éadan gach cineáil idirdhealaithe: ciníochas, seineafóibe agus homafóibe.

Ról agus rannpháirtíocht na saoránach

Tá an tsraith seo dírithe ar thionscadail lena músclaítear feasacht shaoránaigh na hEorpa ar stair, oidhreacht chultúrtha agus luach an Aontais.

Daphne

Chun cur in éadan an fhoréigin inscnebhunaithe in aghaidh na mban chomh maith le gach cineál foréigin in aghaidh leanaí agus grúpaí eile atá i mbaol.

Cláir shurfála ar an trá agus iad leagtha amach sa chaoi go litrítear an focal ‘Unity’.
Déan iarratas i leith do thionscadai

Tabhair cuairt ar Thairseach 'Cistiú agus Tairiscintí' an Aontais chun glaonna ar thionscadail a bhaineann leis na ceithre shraith théamacha a aimsiú.